Monday, March 26, 2007

Ceolchoirm na Scoile

Ceolchoirm na Scoile

Bhí ceolchoirm na scoile ar an gCéadaoin seo caite . Bhí sé ar siúl i gColáiste Chonnacht sa Spidéal . Bhí an-oíche aNaíonág na páistí agus bhaineadar an-taitneamh as . Bhí deis ag na páistí ó Naíonain Shóisireacha go dtí Rang a 6 a bheith páirteach ann agus bhí an-oíche ag gach duine .

Monday, March 5, 2007



An Aimsir

Tá an t-earrach againn anois .Mí Márta atá ann. Tá an aimsir úafásach inniu. Bhí sé ag stealladh báistí . D'oscail na spéartha go minic inniu.Bhí scáth báistí ag teastáil . Bhí an lá dorcha, gruama agus scamallach inniu. Tá Lá Fhéile Pádraig ag teacht agus beidh na laethanta ag dul chun síneadh .
Tá na crainnte ag teacht faoi dhuilliúr agus tá na bláthanna ag fás agus ag cur ard croíthe orainn ar fad leis na dathanna áille a bhíonn le feiceáil .

http://www.education.ie/

Monday, February 26, 2007

Scoil Bhaile Nua

Scoil Bhaile Nua i gCo na Gaillimhe i Maigh Cuilinn. Scoil trí oide atá inti sa Ghaeltacht . Faoi láthair tá 86 páiste ag freastal ar an scoil seo .

Caitheamh Aimsirí


Is maith liom a bheith ag léamh . Is breá liom a bheith ag éisteacht le ceoil agus ag féachaint ar chláracha teilifíse . Is aoibhinn liom a bheith ag damhsa ach ní mórán ama a fhaigheann mé chun an caitheamh aimsire seo a leanúint . Tá sé i gceist agam a dhul ar ais ag Yoga . Thaitnigh sé go mór liom . Teastaíonn uaim tuilleadh ceoil a chur ar mo ipod.